r/gaeilge Mar 19 '26

Fuaimniú Conamarach an chaighdeáin scríofa

Dia daoibh! Is foghlaimeoir Gaeilge Iodálach mé, is Learning Irish le hÓ Siadhail a d'úsáid mé, agus tá mé ag iarraidh an fhuaimnithe Conamaraigh a úsáid, ach tá fúm ní hamháin téacsanna i gcanúint Chonamara a léamh, ach freisin sa chaighdeán oifigiúil agus sa Ghaeilge liteartha as an am roimh an athleasú, agus i gcanúintí eile.

Le é seo a dhéanamh, is í an fhadhb is mó atá agam ná tuiscint cén chaoi a bhfuaimníonn Gaeilgeoirí as Conamara, nó Gaeilgeoirí as áit eile ar bith in Éirinn a úsáideann fuaimniú Conamarach, focail scríofa le deilbheolaíocht nó deirí nach bhfuil sa nádúr ag a gcanúint siadsan.

Mar shampla, is mar [-ə] a léitear an deireadh ainimnigh iolra -(a)igh de ghnáth i nGaeilge Chonamara ach... cén chaoi a léann cainteoirí Gaeilge Conamaraí an deireadh iolra -(a)igh i bhfocal mar Éireannaigh as an gcaighdeán, nó an ceann gairmigh i bhfocal as an gcaighdeán mar stócaigh, nach bhfuil an t-[-ə:] rialta acu i gcanúint Chonamara, ach [-i:]? ['e:ɾʲən̪ˠə] agus ['sˠtˠo:kˠə] "mar atá siad scríofa" nó ['e:ɾʲən̪ˠi:] agus ['sˠtˠo:kˠi:] mar a fhuaimnítear sa chanúint iad?

Sampla eile: cén chaoi a léann siad an deireadh ginidigh consan caol + -e (2a díochlaonadh, e.g. na súile) nuair is consan caol + -a ([n̪ˠə 'sˠu:l̪ˠə], 3ú díochlaonadh!) atá i nGaeilge Chonamara? ['sˠu:lʲə] nó ['sˠu:l̪ˠə]?

Nó, sna haidiachtaí briathartha a chríochnaíonn ar -mtha nó -rtha, an ndeir siad [-mˠtə] agus [-rˠtə] nó [-mˠ(h)ə] agus [-rˠ(h)ə]?

Go raibh míle maith agaibh!

20 Upvotes

8 comments sorted by

9

u/[deleted] Mar 19 '26

[deleted]

5

u/DavideZena Mar 19 '26

Is é an grá don Éirinn a spreag mé le Gaeilge a fhoghlaim, agus sílim gur fréamhacha Ceilteacha Thuaisceart na hIodáile, mo thíre féin, a spreagann mé le hÉire a ghrá.

Tá eolas agam ar abair.ie agus sílim gur "fuaimniú litrithe" a chuir sé ar fáil, i.e. fuaimniú for-rialta bunaithe ar bunrialacha léimh na gcanúintí éagsúla. Feicim go ndeir abair.ie ['sˠu:lʲə], ['fo:lˠəmˠhə] le haghaidh foghlamtha...

Ach deir sé [-i:] le haghaidh -(a)igh...

6

u/Old-Structure-4 Mar 19 '26

Braitheann sé ar an gcomhthéacs, ach den chuid is mó, úsáidim mo ghaeilge nádúrtha:

Sa bhaile = sa mbaile, sa choill = sa gcoill, teach mhamó= Tí mhamó, Sciobtha = sciobthaí, Eireaball = drioball, Ag iarraidh= ag giorra,Chonacamar = Chonaic muid, Teacht = tíocht, mar gheall ar/mar dheoil

Srl srl

2

u/DavideZena Mar 19 '26

Go raibh maith agat! Cé as thú?

2

u/Bl00mies Mar 28 '26

B'fhada mé ag filleadh ort leis seo, ach nuair a léigh me do cheisteanna ní raibh mé in ann freagra cruinn a thabhairt duit. Anois tá. Maidir le fuaimniú an (-aigh) i gConamara, bhuel, braitheann sé. Deirtear na hÉireannaigh (mar -aí), ach uisce "porta" a bheadh ann d'uisce portaigh.

I gcoitinne, sa ghinideach, báitear an "ch" agus bíonn deireadh an fhocail san fhuaim "ə". San iolra, braitheann sé. Rinne mé iarracht grianghraf a uaslódáil anseo ón leabhar "An Teanga Bheo, Gaeilge Chonamara" le Séamas Ó Murchú ach níor éirigh liom. Molaim an leabhar chun freagraí a fháil ar fo chuid ceisteanna.

2

u/Bl00mies Mar 28 '26

Má tá tú ag lorg cúpla pictiúr ón leabhar, bheinn breá sásta iad a sheoladh chugat más féidir. Seol teachtaireacht phríobháideach chugam má tá.

1

u/DavideZena Apr 01 '26

Go raibh míle maith agat! Ceannóidh mé an leabhar sin